Skip to Main Content

Baile Mhic Ire agus Baile Bhuirne

Ireland Map
The Gael Saoire Baile Mhic Íre agus Baile Bhúirne
"Ar Bharr na gCnoic..."
Ar an mbóthar mór go Cill Airne i measc na gcnoc agus na bhforaoiseacha ar bhruach an tSuláin, ag bun Chnoic Dhoire na Sagart tá sráideanna Gaeltachta Bhaile Mhic Íre agus Baile Bhúirne. Tá síocháin anseo. Tá cosáin agus rianta do shiúlóidí cnoc gurb annamh coisí orthu anseo ar tháirseach na Gaeltachta seo Múscraí, Gaeltacht a mhaíonn a canúint cheolmhar cháiliúil féin. Gabhann an bóthar ó Bhaile Bhúirne trí chnoc is trí ghleann na Gaeltachta. Tá sráid Chúil Aodha anseo. Is ann a mhair Seán Ó Riada, duine de na cumadóirí ceoil ab fhearr in Éirinn san fhichiú aois. Ar a mhórshaothar bhí "Mise Éire" agus "An Tine Bheo".

« Ar ais