Skip to Main Content

Beal an Mhuirthead agus Leithinis an Mhuirthidh

Ireland Map
The Gael Saoire Béal an Mhuirthead agus Leithinis an Mhuirthidh
Síneann an leithinis seo amach san Aigéan Atlantach, é creagach ar an imeall agus anseo agus ansúid tránna ciúine agus cuanta éadoimhne. Is beag nach oileán é an leithinis seo agus gan de cheangal aige leis an mórthír ach Béal an Mhuirthead. Tá cuid de na tránna is fearr in Éirinn anseo, agus dumhaigh gainmhe mar a bhí siad ó thús ama. An té a bhfuil suim aige i gcaitheamh aimsire uisce, seo í an áit dó. Tá cósta an iarthair ar thaobh na n-oileán ar cheann de na háiteacha is fearr do chlár toinne, bád seoil nó curachóireacht agus más ciúineas agus foscadh atá ag teastáil tá sé sin le fáil ar chósta an oirthir áit a bhfuil uisce fíor ghlan, ciúin, foscúil i gCuan Oilí agus Mullach Rua.

Sa taobh ó dheas de leithinis an Mhuirthid tá Eachléim, baile beag Gaeltachta ar bronnadh an gairm Beatha air, rud a léiríonn neamhthruailliú agus cúram don dúlra san áit fíor álainn seo. Pobal é seo maosta i nGaeilge, togha ceoil Gaelach agus gach a bhaineann le Gaelachas. Tagann an t-ainm Eachléim ón dá fhocal Gaeilge “each” agus “léim”. De réir bhéaloideas na háite léim capall miotasach ó iarthar an bhaile fearainn go hoirthear an bhaile fearainn agus tugadh Eachléim ar an talamh idir an dá áit.

Na hOileáin Amach ó chósta an iarthair tá Inis Gluaire, oileán álainn, agus Inis Gé, oileán a bhfuil saibhreas staire ag baint leo agus ina raibh mainistreacha go luath i Ré na Críostaíochta. Ón mbliain 1927 ní raibh cónaí ar dhuine ar bith in Inis Gé ach is ann a thigeann na géabha fiáine sa Gheimhreadh.

Tá saibhreas ábhair seandálaíochta ó thús na Críostaíochta ar oileán Inis Gé agus ar an Oileán Theas tá fothrach stáisiúin seilge an mhíl mhóir. Sa séú haois bhunaigh Colmcille mainistir anseo.

Tá cáil ar Inis Gluaire chomh maith. Is ar an oileán seo a bhunaigh Naomh Breandán, an loingseoir a mhainistir, tá fothrach na mainistreach le feiceál go fóill. Cailleadh Naomh Breandán sa bhliain 577A.D. De réir na finscéalaíochta cuireadh Clann Lir – Colm, Aodh, Fiachra agus Fionnuala anseo.

« Ar ais