Skip to Main Content

Beal Atha an Ghaorthaidh

Ireland Map
Béal Átha an Ghaorthaidh
Gabhann an bóthar ar a chamachosán go dtí Ré na nDoirí agus Cill na Martra i measc na gcnoc arda lena mbrat de chrainn agus a ngleannta míne agus a locha seodmhara go bhfuil a seoda féin d’éisc iontu sa dúiche leathfholaithe seo in Iarthar Chorcaí. Ó dheas ó Ré na nDoirí agus Chill na Martra, trí ghleannta na bhforaoiseacha agus ar ais i dtreo na Laoi tá sráid Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Anseo a bunaíodh an chéad choláiste Gaeilge, Coláiste na Mumhan, i dtosach an chéid seo caite. Ní fearr áit ar bith ná Béal Átha an Ghaorthaidh mar bhunáit ag an té a rachadh ag siúl na gcnoc nó ag tiomáint i nDoire na Sagart nó a thabharfadh aghaidh ar shuaimhneas an Ghugáin a mheall Barra Naofa fadó. Tá an loch mar a bhí riamh ach tá páirc fhoraoise anois ann chomh maith. Tá droichead ársa den seandéanamh traidisiúnta ag trasnú na Laoi anseo chomh maith.

« Ar ais