Skip to Main Content

O Bearna go hIndreabhan - Cois Fharraige

Ireland Map

Ó Bearna go hIndreabhán - Cois Fharraige
Ó shráidbhaile Bhearna atá 7km (4m) siar ó chathair bhríomhar na Gaillimhe téann an bóthar go Gaeltacht Chonamara ar feadh chósta Chuan na Gaillimhe a bhfuil cáil ar fud an domhain air. Tá radharc as cúrsa craoibhe fíorálainn 18-poll Chlub Gailf Bhearna trasna an chuain ar chnoic an Chláir agus ar chnoic bhána aoil Bhoirne agus Oileán Árainn. Suite idir móintigh shíoraí agus an tAigéan gorm Altantaigh, sníonn bóthar an chósta siar trí Na Forbacha agus an sráidbhaile suairc Gaeltachta sin, An Spidéal, lena cheardaithe, lucht ceoil Ghaelaigh, déantóirí scannán agus teilifíse Gaeilge agus an t-iliomad aigne cruthaitheach eile a cheapann tuairimí trí mheán na Gaeilge. Ar chiumhais an tsráidbhaile tá Tigh Standúin, comhartha do chuairteoirí a bhíonn ag lorg an chaighdeáin is fearr i mbronntanais agus in ábhair cheardaíochta as Éirinn. In aice láimhe tá Ceardlann an Spidéil, mionbhaile de cheardaithe le saincheirdeanna fíodóireachta, deileadóireachta adhmaid, potaireachta, priontála scáileáin, earraí cniotáilte, síodaí agus earraí leathar.

Cuireann tránna in aice an bhóthair agus caladh foscúil leis an tóir a bhíonn ar An Spidéal mar cheann scríbe saoire don teaghlach. Ó Chéibh an Spidéil is féidir iascaireacht ar an domhain a dhéanamh amach ar an gcuan nó timpeall Oileáin áille Árann. Téigh siar an bóthar arís trí Indreabhán áit a léireoidh casadh ar dheis nó ar chlé tír ina bhfuil sléibhte iontacha, talamh portaigh nó siúlóidí cósta don té nach bhfuil eolas roimh ré ar an áit aige. I Sean-Scoil Shailearna, bunscoil athchóirithe in Indreabhán, tá léargas pobalbhunaithe ar nádúr agus ar ghnéithe Chonamara. Ón aerfort ag Indreabhán eitlíonn Aer Árann go dtí trí Oileán Árann, aistear nach dtógann ach sé nóiméad d`am eitilte.

« Ar ais