Skip to Main Content

Cathair Donall agus Doire Fhionain

Ireland Map
Cathair Dónall agus Doire Fhíonáin
Gabhann an bóthar ón gCoireán go dtí Cathair Dónall agus Doire Fhíonáin tré chonair dhiamhair Chom an Chiste go hard os cionn an Ribhéar, an Scairbh agus na hoileáin eile. Tá iarsmaí ó ré an Chré-umha agus iarsmaí ón luath-Chríostaíocht araon sa Scairbh. Gabhann an bóthar síos go dtí Doire Fhíonáin agus Cathair Dónall. Ba é Teach Dhoire Fhíonáin teach muintire Dhónall Ó Conaill, an Fuascailteoir. Séadchomhartha Náisiúnta is ea an teach sin inniu. Tá bailiúchán de nithe a bhain leis go pearsanta chomh maith le taispeántas closamhairc dá shaol agus dá ré ann. Bhí mianaigh chopair i gCathair Dónall 4000 bliain ó shin. Agus is cuid de chosán na siúlóirí anois seanbhóthar an ime amach ón mbaile. Áit bhreá is ea é seo chun iascach, snámh agus tumadóireacht a dhéanamh.

« Ar ais