Skip to Main Content

Do Chuairteoiri

Ireland Map
Dealbh Ghobnait Naofa - Gobnait na mBeach
Tá ceangal fíorláidir ag Cúil Aodha/Baile Bhúirne le Gobnait Naofa a bhunaigh mainistir anse sa séú chéad. Beachaire sároilte ab ea í, más fíor don mbéaloideas, agus chuir sí cóir leighis ar a comhluadar féin agus ar phobal na dúiche trí chéile. Deirtear gur choinnigh sí pláigh mharfach glan ar Chúil Aodha agus Bhaile Bhúirne. Tá deabhóid láidir do Ghobnait sa cheantar i gcónaí. Tagann daoine ar oilithreacht chun na háite i bhFeabhra agus ag an gCincís. Tá dealbh di lasmuigh den reilig, í ina beachaire. Tá iarsma dá clochar, dá teach agus tobar beannaithe ann i gcónaí.

« Ar ais



Turas Bád Tríd Oileáin Charbery
Tóg turas lae le West Cork Coastal Cruises agus bain sult as áilleacht Oileáin Charbery. Ó Dhún na Séad (Baltimore) go An Scoil (Schull) agus ar aghaidh go Oileán Gaeltachta Chléire (Cape Clear), is féidir súil a choimeád amach de éanlaith, míolta móra, turtáir, róinte agus deilfeanna sna farraigí seo.

« Ar ais