Skip to Main Content

Caitheamh aimsire ar uisce

Ireland Map
Ballinskelligs Watersports
I Ballinskelligs Watersports is féidir leis an gcuairteoir a rogha a dhéanamh idir thuras lae i mbád chuig na Scealga, tumadóireacht in aice na Scealga nó iascaireacht mara.

Leis an turas lae is féidir dul ar Sceilg Mhichíl ar feadh dhá uair a chloig, turas a fhágann gach lá ag a 11.00 ar maidin. Fágann bád Baile an Sceilg gach lá i mí Iúil agus Lúnasa ag a 3.30 san iarnóin chun turas a dhéanamh timpeall na Scealga.

Cuirtear turas inar féidir iascaireacht mara a dhéanamh ar fáil chomh maith le turas eachtraíochta ar luas ard timpeall na Scelaga, turas a thógann timpeall 25 nóiméad gach slí.

Déan Teagmháil:
Seán & Declan Feehan
Tel: 066 9479182

Web: www.skelligsboats.com

« Ar ais



Dingle Sailing Club
I mBá an Daingin a reáchtálann an cumann seoltóireachta a chuid oiliúna ar fad. Tá na cúrsaí ar fad faoi chead an Irish Sailing Association agus an Royal Yachting Association. Tá teagascóirí oilte le taithí i mbun na gcúrsaí ar fad. Is aidhm dóibh na cúrsaí a bheith taitneamhach agus tairbheach.

Dean teangmhail:
Tel: 066 9151984/9151469

« Ar ais



Ionad Tumadóireachta an Daingin
Ón ionad seo ag Muirína an Daingin, san ionad nuathógtha ar thaobh na farraige, a reáchtáltar na himeachtaí uisce ar fad. Ceapadh agus tógadh an láthair d’aon toisc chun imeachtaí spóirt uisce a reáchtáil. Tá culaith leath-thirim, seaicéadaí, buidéil, smachtóirí, creasa meáchan etc. ar fáil. Feartar fáilte roimh chlubanna tumadóireachta agus grúpaí eagraithe chomh maith le daoine aonair. Ní deacair soláthar dóibh. Ar bhonn leathlae a shocraítear tumadóireacht. De ghnáth ciallaíonn seo dhá thumadh, ceann domhain agus ceann éadomhain tar éis an tsosa atá éigeantach lena leithéid. Is féidir pacáistí a chur in oiriúint do dhaoine. Tá fearas níocháin agus trimithe trealaimh, leithris, seomraí gléasta agus slánstóras bád ar fáil.

Dean teangmhail:
Tel: 066 9152422 Fax: 066 9152425

Web: http://www.dingle.com

« Ar ais



Derrynane Sea Sports
Tá an t-ionad seo i mBá Fhíonáin. Tá cláracha seoil, cultacha fliucha, áiseanna gléasta etc. ar fáil. Is ann do bhád de chaighdeán comórtais do sciáil uisce. Tá naomhóga oiriúnacha ar fáil do gach aon aois agus aicme. Tá teagasc ar fáil. Tá báidíní calaidh ar fáil ar cíos. Tá dhá bhád tarrthála ar an láthair.

Dean teangmhail:
Tel: 066 9475266

« Ar ais



Skellig Aquatics Dive Centre
I gCathair Dónall atá seo. Beidh fear faire agus teagaisc le taithí 26 bliain ina threoraí agat agus tú ag baint taitnimh as cuid de na láithreacha tumadóireachta is fearr san Eoraip. Beidh bitheolaí cáilithe mara ar an láthair chun tú a thabhairt tríd na guaiseanna, na huaimheanna agus na haillte taibhseacha fó-thoinn lena míola éagsúla. Tuigtear go dtabharfaidh tumadóirí a gcuid trealaimh pearsanta féin leo. Is féidir trealamh a sholáthar ach fógra a bheith tugtha roimh ré. Is féidir teagasc foirmeálta, le teagascóirí oilte, do thosaitheoirí a eagrú.

Dean teangmhail:
Tel/Fax 066 9475277

« Ar ais



Celtic Adventures
Cuirid seo siúlóidí sléibhe, loingseoireacht, dreapadóireacht, rianóireacht, tumadóireacht scúba agus nithe nach iad ar fáil. Déantar cúram de dhaoine aonair, grúpaí, turais scoile, agus turais chuideachtaí. Is féidir freastal ar suas le 50 duine. Maireann cúrsaí lá nó leathlá. Is féidir iad a bheith ina gcúrsaí cónaithe nó neamhchónaithe. Cuirtear gach saintrealamh ar fáil.

Dean teangmhail:
Tel: 066 9475277

Web: http://www.activity-ireland.com

« Ar ais