Skip to Main Content

Galf

Ireland Map
Galfchumann Ceann Sibéal
In áilleacht Chorca Dhuibhne atá Galfchumann Cheann Sibéal, i mBaile an Fheirtéaraigh. I radharc na mBlascaod, atá seo, an galfchumann is sia siar san Eoraip. Eddie Hackett a dhear an cúrsa seo ach bhí láthair gach aon pholl den gcúrsa iontach seo bainte agus fuinte amach fadó riamh sular smaoinigh aon duine ar chluiche gailf. Tá sruthán beag gleoite ag sníomh tríd an áit ar fad. Tá ceachtanna ar fáil do thosaitheoirí agus do dhaoine is fearr ná san. Par 72..

Captaein 2002: Seán Ó Sluaighe


Captaein na mBan 2002: Máire Ní Mhaoileoin


Déan Teagmháil:
Tel: 066 9156255
Fax: 066 9156409

Web: http://dingle-golf.com

« Ar ais



Club Gailf an Choireáin
Tá club an Choireáin ar an gClub is seanda in Éirinn. Bunaíodh in 1889 é thart faoin am a leagadh síos an cábla teileagraif trasatlantach. Ochtó bliain ina dhiaidh deineadh athdhearadh ar an gcúrsa 9 bpoll. Eddie Hackett a dhein é don úinéir John A. Mulcahy. Meallann an cúrsa 18 bpoll an t-imreoir chuige de réir a chéile. Cothaíonn sé fonn agus flosc san imreoir ó thús go deireadh. Tá an áit molta ag gach aon duine ó Henry Cotton agus Ray Floyd go dtí Mark O’Meara agus Tiger Woods. Meastar an cúrsa i measc na gcúig cinn is fearr in Éirinn. Par 72.

Déan Teagmháil:
Tel: 066 9474545 Fax 066 9474482

Web: http://www.watervillegolf.com

« Ar ais