Skip to Main Content

Marcaiocht Capall

Ireland Map
Eagle Rock Equestrian Centre
Tá an Eagle Rock Equestrian Centre i gCathair Dónall ar Mhórchuaird Chiarraí. Déantar cúram ann don uile chaighdeán cumais. Tá teagascóirí oilte ann chun teagaisc. Tá capaill agus capaillíní ann in oiriúint do na leibhéil éagsúla ón tosaitheoir go dtí an té is mó taithí. Más duine le taithí marcaíochta thú tá áilleacht tíre agus trá ag feitheamh leat. Maireann aistear uair an chloig nó dó “trí chnocaibh, trí aillte, trí ghleannta dubha ceoigh…” Tá airéine faoin aer, sé chapall agus dhá chapaillín anseo.

Déan Teagmháil:
Tel 066 9475145

« Ar ais 



Heather Hill Stables
Ionad seanbhunaithe marcaíochta muintire i mBaile an Sceilg é seo. Déantar cúram ar leith de mharcaíocht cois trá agus de mharcaíocht ar rianta sléibhe. Tá aistir ar fáil thar phortach agus thar fheirmeacha. Is ann d’airéine agus do chuibhreann léime agus tá teach feirme féinfhreastal ann do shaoire.

Déan Teagmháil:
Tel: 066 9479318

« Ar ais



Dingle Horse Riding
Tá Dingle Horse Riding suite ar thaobh an chnoic os cionn Bhá an Daingin. Tá radharcra aoibhinn anseo. Tá aistir ar fáil thar thránna agus chosáin sléibhe le radharcanna ar an gcósta agus ar na Blascaodaí. Is féidir dul ar aistear uair an chloig agus turas lae agus leathlae nó is féidir socruithe a dhéanamh do thrí lá, cúig lá nó seachtain. Tá árasáin féin fhreastail den scoth ar an láthair nó is féidir socruithe a dhéanamh le brú, leaba agus bricfeasta nó óstán. Tá 25 capall, 4 chapaillín, airéine faoin aer, bunteagasc, marcaíocht riain agus capall ar chíos ar fáil anseo.

Déan Teagmháil:
Tel: 066 9152199 Fax: 066 9151202

« Ar ais



Long’s Trekking Centre
Tá Long’s Trekking Centre i bhFionn Trá. Tá rogha maith capall anseo ach leagtar béim ar shábháilteacht, agus spórt. Tá lóistín den scoth ar fáil sa cheantar nó is féidir pacáiste a shocrú in oiriúint duit. Déantar cúram den tosaitheoir agus den duine le taithí. Is féidir uair an chloig nó leathlae a chur in áirithe agus is féidir bheith ar an trá moch agus déanach. Is féidir dul ar thuras lae nó ó thábhairne go tábhairne! Tá turais trí agus cúig lá ar fáil chomh maith sa cheantar Gaeltachta seo.

Déan Teagmháil:
Tel: 066 9159034/087 2250286

« Ar ais



Coláiste Íde Stables
Tá Coláiste Íde dhá mhíle ón Daingean ar bhóthar Cheann Sléibhe. Bhíodh an eastát seo ag Lord Ventry tráth ach is scoil chónaithe lán-Ghaelach atá anois ann. Tá capaill agus capaillíní ó stáblaí an eastáit féin ar fáil ón gColáiste. Déantar cúram de thosaitheoirí agus de dhaoine le taithí. Is ann d’airéine uileaimsire.

Déan Teagmháil:
Tel: 066 9159100 Fax: 066 9151203

« Ar ais