Skip to Main Content

Cleire

Ireland Map
The Gael Saoire Cléire
Tá Cléire, oileán Gaeltachta, de shíor i ngleic leis an bhFarraige Mhór, amach ó rinn Iardheisceart Chorcaí. Ocht míle slí ar an mbád farantóireachta ó Dhún na Séad, thar Inis Arcáin agus a láthair mhuirthaighde atá an t-oileán uaibhreach seo. Ar an oileán ard charraigeach seo a saolaíodh Ciarán Naofa a mhair sa séú chéad. Tabhair turas ar a shéipéal agus ar a thobar beannaithe. Tá níos mó ná an Ghaeilge agus an ceol i dtaisce anseo i gCléire. Tá tarrac ar an áit ag faireoirí éan mar gheall ar a mhéid saidhbhéar, cánóg, broigheall, faoileán agus éan eile, flúirseach agus fánach a fheictear ann. Tá cuan slán ann chomh maith do luaimheanna na farraige móire agus d`iascairí.

« Ar ais