Skip to Main Content

Corca Dhuibhne

Ireland Map
The Gael Saoire Corca Dhuibhne
Is an stráice tríocha míle slí seo lena sléibhte maorga, a gleanna aoibhne, a tránna cluthara, a cuasa cianaosta príomh stórchiste seandálaíochta na hÉireann ón réamh-Chríostaí agus ón ré luath-Chríostaí. Ocht míle slí nó mar sin laistiar de Thrá Lí tá An Com idir an fharraige agus Cathair Conraoi, agus an Dún ar a bharra sin anairde. De réir an tseanchais dob é seo an t-áitreabh a bhí ag an taoiseach Ceilteach Cú Rí Mac Daire. Tamall eile siar tagann an bóthar seo agus an bóthar ó Chaisleán na Mainge le chéile lámh le hAbhainn an Scáil mar a rugadh Tom Crean a thug faoin Mol Theas faoi dhó le Scott agus níos déanaí le Shackleton. B’as Abhainn an Scáil chomh maith do Jerome Connor, dealbhóir a dhealbhaigh mórán solaoidí breátha i Meiriceá agus in Éirinn.

« Ar ais