Skip to Main Content

Corr na Mona, Tuar Mhic Eadaigh agus Duthaigh Sheoighe

Ireland Map

The Gael Saoire Corr na Móna, Tuar Mhic Éadaigh agus Dúthaigh Sheoighe
Ón Teach Dóite téann an bóthar go díreach ó thuaidh isteach faoin tír i dtreo Chorr na Móna agus fairsinge méith Dhúthaigh Sheoighe. Is sa cheantar seo a rinneadh scannánú ar scéal cháiliúil John Wayne agus Maureen O`Hara "The Quite Man". Bíonn fonn ar phobal cairdiúil, fáiltiúil Chorr na Móna a n-ionad álainn ar thaobh Loch Coirib, a bhfuil cáil air ó thaobh iascaireachta, bádóireachta agus siúlóidí, a roinnt le daoine eile. Ar oileán in aice láimhe tá Caisleán na Circe, caisleán a raibh cónaí uair ar Bhanríon Chonamara a bhí ina foghlaí mara, Gráinne Mhaol Ní Mháille, ann a mhair le linn réimis Bhanríon Éilis 1 Shasana. Tá An Fháirche suite sa taobh tíre ildaite idir Loch Coirib agus Loch Measca, áit a bhfuil, mar a déarfaí, buntáiste á bhaint as an dá cheantar aici. Níos faide siar tá An Líonán áit ar rinneadh an scannán de scéal iontach John B. Keane "The Field". In aice leis sin ar Leithinis Rinn Mhaoile tá Uiscelann agus Músaem Muirí, áit a bhfuil taispeántas eolasach agus tarraingteach d`oidhreacht mara Chonamara. Taganna Sliabh Phartraí anuas le fána go dtí bruacha Loch Measca, ag tabhairt foscadh do Thuar Mhic Éadaigh lena Choillte agus Easanna. Tá báid phléisiúir le fáil ar Loch Measca agus tá traidisiún láidir Earraí Cniotáilte Éireannacha ag Tuar Mhic Éadaigh.

« Ar ais