Skip to Main Content

Na Rosa, Gaoth Dobhair agus Cloch Cheann Fhaola... ait ar leith

Ireland Map
Na Rosa, Gaoth Dobhair agus Cloch Cheann Fhaola... áit ar leith
Anois Na Rosa agus Gaoth Dobhair. Áit í seo a bhfuil tírdhreach fhíorálainn, sléibhte fraoch-chorcar, gleannta lán locha agus na scórtha tránna gainnimhe ar feadh an chósta. Líonann agus tránn taoide neamhthruaillithe an Aigéin Atlantaigh gach lá ar ghainneamh na dtránna síochánta, ciúine seo. Le breis is 130 loch agus an iliomad aibhneacha chun iascaireachta, is anseo a thiocfaidh an slatiascaire ar bhreac mara agus bradán nach bhfuil a sárú le fáil. Ón gClochán Liath agus a féile bliantúil i gcuimhne "Mary from Dungloe" go dtí droichead Chroithlí na mBábóg, is áit ar leith an áit seo. Ar ais ar bhóthar an chósta agus an bád farantóireachta go hÁrainn Mhór ó Ailt a` Chorráin, nó gabh siar ó thuaidh go Gaoth Dobhair idir an Earagail agus an Bun Beag mar a bhfuil tránna áille.
Ar ndóigh, seo baile dúchais cuid de scothcheoltóirí na hÉireann ar nós Enya, Clannad, Altan agus Daniel O`Donnell agus níl aon amhras ach go dtagann a gcuid ceoil uile faoi thionchar oidhreachta, radharcra agus cultúir draíochta Dhún na nGall. Stop más maith leat i gCroithlí chun togha bídh agus rogha dí a bhlaiseadh i dTábhairne Leo, an teach inar tógadh an t-amhránaí cáiliúil Enya agus an grúpa Clannad. Muna dtaitníonn ceol Gaelach leat ní gá duit ach turas gairid a chur díot go sroichfidh tú Cionn Caslach áit a bhféadfaidh tú cupán tae a ghlacadh ar do shuaimhneas in Óstán an Viking, ar a raibh Daniel D’Donnell mar iar úinéir.
Téigh ar bord sa Bhun Beag agus tabhair turas ar Thoraigh, Inis Meáin nó Inis Bó Finne. Imir galf i nGaoth Dobhair nó ar Oileán na Cruite lámh le hAerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall. Tá sceideal rialta ag an mbád farantóireachta ón mBun Beag go Toraigh na háilleachta. Dhá mhíle go leith faoi thrí cheathrú atá Toraigh. Baisteadh é as na haillte stuaiceacha atá deartha ann ag an Fharraige Mhór. Tá cónaí ar dhaoine ar Thoraigh ó tháinig na feirmeoirí Neoiliteacha ann thart ar 4,000 bliain ó shin. Tá sé sa bhéaloideas gur mhair cine d’fhoghlaithe mara anseo tráth agus gurbh é Balor, fathach ar leathshúil mhallaithe a nDia-Thaoiseach. Maireann an cloigtheach agus Cros Cholm Cille anseo go fóill. Tá an phríomháit ag an bhfarraige i bpéintéireacht na n-ealaíontóirí oileánacha. Cuireadh a saothar ar taispeáint ar fud an domhain. Tá an Ghaeilge ar gach taobh díot anseo.

Ar ais leat ar an mórthír agus lean ort ar bhóthar an chósta go dtí Cnoc Fola na háilleachta, nó gabh ar chlé nó iompaigh isteach faoin tír thar chnoc agus ard go Dún Lúiche agus a "Ionad Cois Locha". Lámh leis sin tá Gleann Neimhe gur seoid ar áilleacht é. Ar aghaidh leat ansin go dtí an Pháirc Náisiúnta i nGleann Bheithe- lena chaisleán agus an t-ionad mínithe. Ó thuaidh leat ansin trí bhearna na Mucaise go dtí an Fál Carrach, baile láidir aonaigh, áit a mbíonn seastáin ag reiceadóirí agus ceannaitheoirí ann gach Aoine.

« Ar ais