Skip to Main Content

Taisteal

Ireland Map
Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall

Ní thógann sé ach 50 nóiméad le heitilt ó Bhaile Átha Cliath go Dún na nGall. B’iad Aer Árann Express an chéad aerlíne san Eoraip a fuair an gradam caighdeáin ISO 90002 do sheirbhísí custaiméara, dá bhrí sin bí cinnte de go dtaitneoidh d’eitilt leat. Tá seirbhís laethúil, seacht lá na seachtaine ar fáil acu. Tá nascanna eitilte ar fáil freisin ó mhórláithreacha sa Bhreatain agus san Eoraip. Buntáiste eile a bhaineann le heitilt go Dún na nGall ná gur féidir leat taitneamh a bhaint as an radharc breá a gheobhaidh tú ar shléibhte uaibhreacha, gleannta séimhe, locha áille agus na tránna is breátha dá bhfuil san Eoraip ar an mbealach san aer go hAerfort Dhún na nGall.


Mórbhealaí

Má tá tú ag taisteal chuig Gaeltacht Dhún na nGall tóg an N2 ó Bhaile Átha Cliath, an M2 ó Bhéal Feirste, an N17 ó Ghaillimh agus an N15 ó Shligeach. Tá rogha leathan freisin ann de sheirbhísí busanna agus cóistí só príobháideacha agus poiblí chuig Gaeltacht Dhún na nGall.


John McGinley Coaches: B.Á.C.-Dún na nGall- B.Á.C.


Feidhmíonn John McGinley Coaches le seirbhís faoi dhó sa lá ó lár Chathair Átha Cliath chuig Gaeltacht Dhún na nGall. Feidhmíonn siad freisin le seirbhís Glaschú-Dún na nGall-Glaschú go laethúil i mí Iúil agus Lúnasa agus 4 huaire sa tseachtain ag amanna eile.


Mc Geehan Coaches: B.Á.C.-Dún na nGall- B.Á.C.

Feidhmíonn Mc Geehan Coaches le seirbhís faoi dhó sa lá ó lár Chathair Átha Cliath chuig Gaeltacht Dhún na nGall, ag freastal ar shráidbhailte ar nós Gleann Cholm Cille, Árd a’ Rátha agus An Clochán Liath.


Béal Feirste-Dún na nGall-Béal Feirste

Tá seirbhís laethúil chuig Béal Feirste á chur ar fáil ag Busanna Patrick Gallagher.


Gaillimh-Dún na nGall-Gaillimh

Seirbhís faoi dhó sa lá ag Busanna Feda ó Ghaeltacht Dhún na nGall go Gaillimh. Ar na seirbhísí eile tá Dún na nGall-Glaschú-Dún na nGall agus Dún na nGall-Aerfort Bhéal Feirste-Dún na nGall.