Skip to Main Content

Toraigh

Ireland Map
The Gael Saoire Toraigh
Tá Toraigh 10 míle amach ón mórthír. Níl aon cheist ach gur chabhraigh a iargúltacht leis an nGaeilge, na traidisiúin, an ceol, na rincí agus gnáis na beatha a choinneáil beo ann. Tá scoil dúchais péintéireachta ar an oileán seo. Is mór an buntáiste d’fhaireoirí éan é suíomh agus tíreolaíocht an oileáin seo amach ó chósta an Iar Thuaiscirt. Is ann a mhaireann mórán cineálacha éan mara. Tá óstán, brú agus roinnt mhaith tithe Leaba agus Bricfeasta ar an oileán. Tá dánlann, siopa ceirdne agus taesheomra, ionad tumadóireachta, siopa agus club sóisialta ann. Tá pléisiúir na sean-aimsire ach compóirdí an lae inniu ar fáil duit i dToraigh. Is féidir dul amach ar an oileán ar bhád ón mBun Beag nó ó Mhachaire Rabhartaigh.

Teagmháil: Turas Mara
Tel: 074 9531320/9531340
Fax: 075 9531665

« Ar ais