Skip to Main Content

Fionn Tra, Dun Chaoin agus na Blascaoidi

Ireland Map
Fionn Trá, Dún Chaoin agus na Blascaoidí
Sníonn an bóthar siar cois cósta ón Daingean go dtí Ceann Trá, láthair an scéil úd “Cath Fionntrágha”. Tá an scéal seo ar fáil i lámhscríbhinn ón 15ú céad, atá anois sa leabharlann Bodleian in Oxford Shasana. Tá cur síos ann ar chath a fearadh idir Daire Donn, Rí an Domhain agus Fionn Mac Cumhail, fear cosanta na hÉireann. Gabhann an bóthar thart timpeall ar an gcuan agus tagann ar ais ar an gcósta athuair ag an Dún Beag. Tá mórán Éireann iarsmaí seandálaíochta lastuas de bhóthar idir an Dún Beag agus Fán. Orthu san tá clocháin, uaimheanna, galláin agus clocha greanta, cathracha, crosa agus fothrach séipéil. Leanann an bóthar air thar Cheann Sléibhe lena radharcra aoibhinn thar na Blascaodaí.

Tá cáil ar Dhún Chaoin mar gheall ar áilleacht na dúiche, na radharcanna ar an mBlascaod agus na hailltreacha móra atá cois cósta ann, agus mar gheall ar an gcultúr Gaelach a mhaireann ann i gcónaí. Is ionann turas ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir anseo agus turas a thabhairt ar shaol na ndaoine a mhair ar an Oileán agus spléachadh a fháil ar an saibhreas litríochta atá againn ó scríbhneoirí an Bhlascaoid - leithéidí Peig Sayers, Tomás Ó Criomhthain agus Muiris Ó Súilleabháin. Aistríodh saothar na ndaoine áirithe sin go mórán teangacha ar fud an domhain. Tá mórmheas ar leabhair na n-údar seo. Ina measc tá An tOileánach, Fiche Bliain ag Fás agus Peig. Tá cuid den radharcra is breátha ar domhan in Oileánra an Bhlascaoid. Tréigeadh an Blascaod Mór i 1953. Bhí an áit bánaithe cheana féin ag an eisimirce. Ní raibh fanta ann ach 22 duine. Aistríodh iad sin go dtí an mórthír. Sa lá atá inniu ann tá seirbhís rialta bád idir Dhún Chaoin agus an tOileán.

« Ar ais