Skip to Main Content

Gaeltacht Chorca Dhuibhne

Ireland Map

Gaeltacht Chorca Dhuibhne
Síneann Corca Dhuibhne siar amach ó bhaile Thrá Lí, baile riaracháin an chontae, thar Chaisleán na Mainge go dtí Ceann Sléibhe agus na Blascaodaí san Aigéan Atlantach. Ar an taobh ó dheas tá tosach na Gaeltachta idir Abhainn an Scáil agus Lios Póil. Ar an taobh ó thuaidh tá an teorainn lámh le pobail fháilteacha Bhréanainn agus An Chlocháin. Is é baile fuinniúil bisiúil an Daingin an láthair is mó daonra ar an leithinis. Tá logainmneacha na leithinse fréamhaithe go domhain sa bhéaloideas – Ceann Trá, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, An Fheothanach, Baile na nGall agus An Blascaod Mór féin. Táid ar fad ag fanacht le do theacht. Meallann sléibhte maorga agus tránna neamhthruaillithe na dúiche seo siúlóirí, galfairí, marcaigh thoinne, mairnéalaigh, iascairí mara agus daoine eile faoi dhraíocht a háilleachta. Tá rud don uile dhuine sa Ghaeltacht seo ar imeall thiar na hEorpa.

« Ar ais