Skip to Main Content

Buail faoi ghalf… Galf i nGaeltacht na Gaillimhe

Ireland Map
Club Gailf agus Tíre Bhearna
Lonnaithe i gceantar ina bhfuil radharcanna fíoráille agus atá 3 km ó thuaidh de shráidbhaile Bhearna agus isteach agus amach le 8 km ó Ghaillimh, tá an cúrsa craoibhe gailf seo suite i dtaobhtíre garbh tipiciúil Chonamara agus tá na mínligh tógtha idir clocha agus fraoch. Is é Bobby Browne a dhear an cúrsa as a bhfuil radharcanna iontacha ar Chuan na Gaillimhe. Par 71 Fearann Páirce.

Déan Teagmháil:
Teil/Tel: 091 592677/592674

« Ar ais



Club Gailf Uachtar Ard
Cé gur bunaíodh an Cumann Gailf mar chúrsa naoi bpoll i 1974, feabhsaíodh é i 1982 agus anois tá 18 bpoll ann. Go tapaidh tháinig cáil ar Uachtar Ard mar áit chairdiúil agus ag an am céanna mar chumann go raibh dul chun cinn ag baint leis - dul chun cinn a chlúdaíonn na buanna is fearr a bhaineann le galf, dúshlán trialach, bia that barr, beár le daoine cairdiúla agus fáilteacha mar bhaill. Suite in aice le Loch Corrib ar theorann Chonamara, tháinig clú ar Uachtar Ard mar ionad le dul chun galf a imirt in Iarthar na hÉireann.

I 1997, nuair a chonacthas an ghá a bhí ann na seirbhísí ab fhearr a sholáthar do ghalfairí tuisceanacha, bheartaigh baill den chumann ardú céime a thabhairt - ní hamháin don ghalfchúrsa féin ach don Chlubtheach chomh maith chun dul leis an stádas a baineadh amach mar ionad iontach le gradam idirnáisiúnta.

Na sciobóil a úsáideach mar Chlubtheach go dtí sin, aistríodh go cliste iad isteach ina n-áiseanna ardnósacha, suas chun dáta. Ag an am céanna aistríodh an galfchúrsa go hiomlán faoi stiúir ghéar an ailtire idirnáisiúnta galf, Patrick Merrigan. Chun é seo a dhéanamh úsáideach na gnéithe nádúrtha den eastáit a bhí ag na Flaitheartaigh tráth, agus meascadh iad le dearadh agus le samhlaíocht de chaighdeán nua-aimseartha chun leagan amch iontach a chruthú ag Uachtar Ard. Oscalíodh an cúrsa arís do na himreoirí i 2000.

Tomhaiseann an cúrsa 6426 slat ón mBonn Tiála, ach tá rogha de phlásóga thiála ar fáil do ghalfairí den uile chumas a thugann seans dóibh iad féin a thomhas ar na hachair fada agus ar na hachair ghairide, ach pé rogha a dheineann siad, ní foláir dóibh an poc a phleanáil go maith roimhe chun na mílte dainséar atá i bhfolach orthu a sheachaint.

Teagascóir Gairmiúil an Chlub: Michael Ryan

Rúnaí: John Waters

Captaein - 2002: DónalConlon

Déan Teagmháil:
Teil/Tel: 091 552131
Facs/Fax: 091 552733
e-mail: oughterardgc@eircom.net

« Ar ais



Cumann Gailf Oileáin Chonamara
Suite i gcroílár Chonamara is cúrsa uathúil oileán é seo ina bhfuil cuid de na poill ghailf is breátha sa tír. Tá an cúrsa 9-bpoll seo, atá lonnaithe in Eanach Mheáin, ceangailte leis an mórthír trí thóchar ag Béal an Daingin. Is fiontair nádúrtha iad na góilíní mara agus na lomáin charraige, rud a éilíonn cúram agus stuaim. Tar éis cluiche a imirt, is féidir le cuairteoirí a scíth a ligean in atmaisféar cairdiúil san aon chlubtheach ceann tuí in Éirinn, áit a bhfáiltíonn tine oscailte rompu. Par 70 Machairí Gailf.

Déan Teagmháil:
Teil/Tel: 091 572498/572212 Facs/Fax: 091 572214

« Ar ais