Skip to Main Content

Saoire Ghniomhaiochta

Ireland Map

Cúrsaí Spioradálta sa Chultúr Ceilteach
Trí Chúrsaí Spioradálta sa Chultúr Cheilteach a reáchtáiltear ar Inis Mór, an t-oileán is mó de Oileáin Árann, tugtar léargas duit ar chultúr shaibhir an Oileáin. Cuirtear béim ar ghnéithe áirithe sna cúrsaí: rince seite, amhránaíocht traidisiúnta, scéalaíocht, an spioradáltacht Cheilteach, déanamh ciseáin traidisiúnta, siúlóidí dúlra agus seandálaíochta. Is í Elizabeth Zollinger, ealaíontóir ón Eilvéis a thosaigh an tionscnamh seo, atá í féin ina cónaí in Inis Mór. Tá comhoibriú idir í féin agus na hoileánaigh atá bainteach leis na cúrsaí. Tá na cúrsaí deartha go cúramach ionas go mbeidh saoire thaitneamhach ag an rannpháirtí.

Cúrsaí Spioradálta sa Chultúr Dúchais 2004:
15 - 22 Bealt: "Ag Siúl an Ród Ársa Cheilteach".
15 - 22 Iúil: "Siúlóidí trí Thráthanna Cianaimseartha".
26 Iúil - 4 Lúnasa: "Macallaí Traidisiúnta in Amhránaíocht agus i Rince".
14 - 21 Lúnasa: "Oileáin Árann á la carte".
4 - 11 M. Fómh: "Oileáin Árann á la carte".
28 Lúnasa - 4 M. Fómh: "Saoire Oileáin do Dhaoine Singil ".
11 - 18 M. Fómh: "Ag siúl an Ród Ársa Cheilteach".
4 - 11 Oct: "Déanamh Ciseáin - Turas Siar ".

Déan Teagmháil:
Elizabeth Zollinger
Inis Mór
Aran Islands
Co. Galway.

Tel. 099 61424

http://www.irish-culture.ch

« Ar ais



Cnoc Suain
Sráidbhaile álainn réamh ghorta - i gConamara - áit ar a dtugtar fiántas deireanach na hEorpa. Cuirtear saoire chultúrtha aon seachtaine ar fáil anseo ina léireofar gnéithe difriúla de thírdhreach agus de chulrúr na hÉireann, ón áimsir chaite agus faoi mar atá inniu.

Déan Teagmháil:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe.
Tel.091 555703

http://www.cnocsuain.com/

« Ar ais