Skip to Main Content

Gugan Barra

Ireland Map
Gugán Barra
"Tá gleann in Uíbh Laoghaire is níor labhramar fós air..."
Anseo sa Ghuagán, gleann a ghearr an t-oighearshruth, a éiríonn an Laoi. Anseo a bhunaigh Barra Naofa a dhíthreabh faoi scáth na gcnoc i measc na srutha agus na srutháin, i measc na gcrann, ar oileán beag an locha. Bhog sé síos an abhainn níos déanaí gur bhunaigh sé mainistir i "gCathair ghil bhreá Chorcaí".

Níl aon rian den díthreabh sa Ghuagán inniu, ach fós féin tagann an mhuintir ar oilithreacht ann in aghaidh na bliana. Tá fothracha ar an Oileán, ar ndóigh. Baineann siadsan le foirgnimh a thóg sagart Cairmilíteach, an tAth. Donncha Ó Mathúna sa 17ú haois. Tá séipéilín beag nua-aimsire ar imeall na locha chomh maith. Os cionn an loch, ar 1,000 acra talún, bunaíodh an chéad pháirc fhoraoise in Éirinn. Tá cónaiféir, caorthainn, an bheith agus an chaithne anseo. Is fiú turas iad.

« Ar ais