Skip to Main Content

Arann – Inis Meain

Ireland Map

The Gael Saoire Árann – Inis Meáin
Tá Inis Meáin, an t-oileán lárnach, suite idir Inis Mór agus Inis Oírr. Fáiltíonn cosáin trasna sleasanna cnoic atá lán le bláthanna fiáine sa chuid theas den oileán roimh an té a bhíonn ar shiúlóid agus tá cóstaí thuaidh Inis Meáin flúirse le tránna ciúine gainimh.

Áirítear ar shéadchomharthaí suimiúla stairiúla Inis Meáin Dún Réamhstaire Chonchobhair, an dún is suntaisí de na dúin chiorclacha nó ubhchruthacha balla tirim ar Oileáin Árann. I gceann thoir an oileáin tá séipéal álainn Chill Chanúnaigh. I séipéal Mhuire Gan Smál, a tógadh i 1939 tá fuinneoga áille, taibhseacha gloine dhaite a rinne Stiúideonna cáiliúla Harry Clarke. Rinneadh atógáil chúramach agus dhílis le déanaí ar Theach Synge, an teachín ceann tuí a mbíodh an scríbhneoir John Millington Synge ag fanacht ann, agus bíonn sé ar oscailt do chuairteoirí.

Le Dul Chuig Oileáin Árann Soláthraíonn Island Ferries seirbhís farantóireachta cuig Oileáin Árann ó Ros an Mhíl ó cheann ceann na bliana agus bíonn ceangal bus óna n-oifig i nGaillimh
Teil/Tel: 091 568903/572273
Facs/Fax: 091 568538
Ríomhphost: island@iol.ie

Freastalaíonn Aer Árann ar thrí Oileán Árann chomh maith óna aerfort in Indreabhán, nach bhfuil ach cúpla míle siar ón Spidéal ar bhóthar an chósta go Conamara.
Teil/Tel: 091 593034
Idirlíon: www.aerarann.ie

« Ar ais