Skip to Main Content

Arann – Inis Mor

Ireland Map

The Gael Saoire Árann – Inis Mór
Is é Inis Mór, mar a thugann an t-ainm le fios, an ceann is mó de thrí Oileán Árann. Is é Cill Rónáin an príomhshráidbhaile. Is talamh ársa é seo suite i bhfarraige gan teorainn áit a bhfuil cathracha gríobháin clocha aoil agus dul in aghaidh an aird chuig aillte uafara, lena séadchomharthaí aisteacha, síonchaite cloiche. Cruthaíonn ballaí casta cloiche páirceanna beaga mar a bheadh paistí ann, ó am go chéile ag síneadh síos chuig tránna glana, ciúine, neamhthruaillithe. Tá Inis Mór isteach agus amach le 12km (9m) ar fhad agus 3km (2m) ar leithead agus tá sé mar a bheadh na flathais ann don lucht saoire siúlóide. Ar fud an oileáin tá mílte de chladach craigeach, gainmheach agus amanna clochach tá flúirse fiadhúlra ann agus os cionn 437 cineál bláthanna fiáine. Seo oileán de raftaí aolchloiche, a idirnascann cosáin agus ailtreacha uaimhneacha, lena radharcanna a thugann lán léargas ar Chonamara, ar Chontae an Chláir agus amanna chomh fada ó dheas le Ciarraí, nuair a bhíonn an spéir glan. Ach, daoine nach bhfuil baileach chomh fuinniúil, is féidir leo Inis Mór a fheiceáil ar rothair atá le fáil ar cíos ar an oileán nó ar bhealach traidisiúnta níos réidhe ar chapall agus carr cliathánach. Tá turais treoraithe ar fáil chomh maith, i mionbhusanna, ó Chéibh Chill Rónáin. Is féidir le cuairteoirí blaiseadh iontach a fháil de chultúr agus stair na nOileán ag Ionad Árann, ionad cuairteoireachta den scoth.

Le Dul Chuig Oileáin Árann Soláthraíonn Island Ferries seirbhís farantóireachta cuig Oileáin Árann ó Ros an Mhíl ó cheann ceann na bliana agus bíonn ceangal bus óna n-oifig i nGaillimh
Teil/Tel: 091 568903/572273
Facs/Fax: 091 568538
Ríomhphost: island@iol.ie

Freastalaíonn Aer Árann ar thrí Oileán Árann chomh maith óna aerfort in Indreabhán, nach bhfuil ach cúpla míle siar ón Spidéal ar bhóthar an chósta go Conamara.
Teil/Tel: 091 593034
Idirlíon: www.aerarann.ie

« Ar ais