Skip to Main Content

Arann – Inis Oirr

Ireland Map

The Gael Saoire Árann – Inis Oírr
Is ionann Inis Oírr agus an t-oileán is faide soir agus is é an ceann is lú de thrí Oileán Árann é. Tá traidisiún ceoil Ghaelaigh, amhránaíochta agus damhsa ag Inis Oírr a bhfuil an-bhród ag muintir an oileáin as. I dtuaisceart an oileáin tá tránna áille, glana gainimh agus go hard os cionn na trá tá caisleán ón 14ú haois a thóg na Brianaigh. I measc fhothraigh Luath-Chríostaí an Oileáin tá séipéal ón 11ú-12ú hAois a luaitear le Naomh Gobnait a deirtear ina taobh gurbh í an t-aon bhean í a raibh cead isteach ar na hoileáin aici i luathré na Críostaíochta. In ionad cultúrtha agus ceardaíochta an oileáin áirítear ceardaíocht adhmaid, péintéireacht tírdhreacha, potaireacht agus spléachadh ar oidhreacht an oileáin álainn seo.

Le Dul Chuig Oileáin Árann Soláthraíonn Island Ferries seirbhís farantóireachta cuig Oileáin Árann ó Ros an Mhíl ó cheann ceann na bliana agus bíonn ceangal bus óna n-oifig i nGaillimh
Teil/Tel: 091 568903/572273
Facs/Fax: 091 568538
Ríomhphost: island@iol.ie

Freastalaíonn Aer Árann ar thrí Oileán Árann chomh maith óna aerfort in Indreabhán, nach bhfuil ach cúpla míle siar ón Spidéal ar bhóthar an chósta go Conamara.
Teil/Tel: 091 593034
Idirlíon: www.aerarann.ie

« Ar ais