Skip to Main Content

Lios Poil

Ireland Map
Lios Póil
Is é Lios Póil, lámh leis an Mhinaird lena chaisleán agus a trá aoibhinn, geata na Gaeltachta ar an mbóthar theas. Tá tarbhealach i Lios Póil ina mheabhrúchán dúinn ar Iarnród Gaile an Daingin. Bhí an ród seo agus an tarbhealach féin tráth i measc iontas na hinnealtóireachta. Anseo a rugadh an file agus an laoch náisiúnta Tomás Ághas. Ní fada uait anois cuan leathiata an Daingin agus baile an Daingin féin. Is féidir teacht ar an mbaile ó thuaidh, an Chonair amach ó Chaisleán Ghriaire, Bréanainn agus An Clochán. Rud ann féin is ea an Chonair. Is minic scamaill thíos fút i measc na loch i ngleannta seo Bhréanainn.

« Ar ais