Skip to Main Content

Siuloidi, Rothaiocht agus Eachrach

Ireland Map
The Western Way - Co. Mhaigh Eo
Síneann an cúrsa seo ó fjord an Chaolsháil Rua ar theorainn Chondae na Gaillimhe go Sliabh Gamh ar theorainn Chondae Shligigh. Téann an taistealaí thar sléibhte creagacha, bóithríní, bóithre beaga beagnach clúdaithe le crainnte agus casáin thríd coillte, turas a bhfuil éagsúlacht mhór ó thaobh tírdhreach agus réimse talún. Buaileann an “Western Way” le Gaeltacht Mhaigh Eo de réir mar a théann sé ó thuaidh tríd na portaigh agus bogaigh in Iorras agus Tír Amhlaidh go sroicheann sé Baile an Chaisil, baile beag atá an-ghar do Achaidh Chéide, áit a raibh cónaí ar dhaoine 5000 bliain ó shoin. Tá léarscáil mionchuntais ar fáil ins na hoifigí turasóireachta.

« Ar ais



The Bangor Trail
Tá an casán seo 48km ar fhad agus síneann sé ó Bhaile Uí Fhiacháin thríd Shliabhraon Neifín Beag go Beannchor Iorrais in Iorras in aice le Gaeltacht Mhaigh Eo. Is ar chasán thríd mórthír iargúlta is mó atá an cúrsa seo agus tá léarscáileanna mionchuntais le fáil ins na hoifigí turasóireachta.

« Ar ais



Tír Sáile
Bunaíodh an feachtas seo mar cheiliúradh ar Mhaigh Eo 5000. Bhí dealbhadóirí ó ocht dtír agus trí mhórthír páirteach san iarracht seo chun dealbhadóireacht a chur ar fáil in áiteacha éagsúla ar fud thuaiseart Chondae Mhaigh Eo. Cúig cinn déag de phíosaí dealbhadóireachta éagsúil atá ar fáil ó Bhéal an Átha, tríd Bhéal Deirg, Gleann na Muaidhe, Ceathrú Thaidhg, Béal an Mhuirthead go Ceann an Fhóid Duibh. Tá treoir leabhair ar fáil go háitiúil.

Web: http://ballina.mayo-ireland.ie/TirSaile/TirSaile.htm

« Ar ais



Marcaíocht Capaill
Tá stablaí Ard Aoibhinn lonnaithe i dTuar Mhic Éadaigh i gContae Mhaigh Eo faoi chúram chlann De Búrca. Feirm oibre í seo le hIonad Marcaíochta agus aíocht nó lóistín féin-fhreastal ar fáil. Ar an láthair tá teagascóir cáilithe, airéana taobh amuigh, agus turais ar fáil ar mhuin capaill. Is féidir taitneamh a bhaint as an tírdhreach fíor-álainn agus an dúlra ar mhuin capaill. Tá gearrán Chonamara le fáil chomh maith le caiple seilge.

Dean teangmhail:
Stablaí Ard Aoibhinn, An Ceapach Dubh, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo.
Teil: 092 44000

« Ar ais



Siúlóidí
Bhunaigh grúpaí turasóireachta siúlóidí agus cúrsaí rothaíochta gearra do thurasóirí a bhfuil a leithéid uathu.

Déan Teagmháil:
Iorras: Iorras Domhnann. Teil: 097 81500
Acaill: Turasóireacht Acla. Teil: 098 47353 Idirlíon: www.achilltourism.com
Tuar Mhic Éadaigh: Idirlíon: www.tourmakeady.com/hillwalking.htm

« Ar ais