Skip to Main Content

Oilean Acla agus Leithinis an Chorrain

Ireland Map
Oileán Acla agus Leithinis an Chorráin
Is é Oileán Acla an t-oileán is mó ar chósta na hÉireann, oileán a bhfuil tránna órdha, áilleacht thar cuimse, an spéir líonta le scamaill den uile chineál agus den uile dhath, iad uaireanta ar bharr na gcnoc, uaireanta eile ins na gleannta. Is féidir dul ón mór thír go hAcaill thar dhroichead inardaithe ag Gob a’ Choire agus is Gaeltacht leath den oileán. Tá cuid de na h-ailltreacha is suntasaigh san Eoraip ar imeall an oileáin seo, ailltreacha atá mar chosantóir idir na sléibhte agus na cnoic.

Tá go leor bailte beaga ar fud an oileáin agus tránna fíor álainn agus an brat gorm mar ghradam acu. In iarthar an oileáin tá Sliabh Chruacháin 668 méadar agus tá dhá shliabh eile ar an oileán - Sliabh Mór 671 méadar agus Mionnán 466 méadar. Mar chaitheamh aimsire tá slat iascaireacht farraige, tumadóireacht, gailf, seandálaíocht agus imeachtaí eile ar fáil ar an oileán ach tá ciúineas agus síochán thar barr ann.

Tagann go leor daoine leis an Baile Tréigthe ar leargain Shliabh Mór a fheiceáil. Cuireann an cheithre scór teach tréigthe an droch shaol i gcuimhne do dhaoine. Taobh ó dheas de Ghob a’ Choire agus é dírithe ar Acaill Beag tá Caisleán Chill Damhnait, a tógadh san cúigiú aois déag agus sa tsean am ba leis an mbanríon Gráinne Ní Mháille é. Ar an gcósta ó dheas den oileán tá na “Cathedral Rocks” a bhfuil cuma orthu go mba ailtire a chum iad. Tá an aill is airde san Eoraip ar thaobh Shliabh Chruacháin agus an aill sin 2000 troigh ar airde.

Ba é an Yawl, an bád seoil, an bád iascaireachta a bhí ag iascairí Acla sna blianta imithe tharainn. Le roinnt blianta bíonn rásaí do na báid seoil seo chuile shamhradh, rud a mhúscail suim i dtógáil na mbád adhmaid seo. Sa Samhradh bíonn na Yawl seo le feiceáil ag seoladh na farraige amach ó Acaill.

Leithinis an Chorráin
Má thiomáineann tú thart ar Leithinis an Chorráin tiocfaidh tú ag baile beag an Chorráin áit a dtig leat sean iarsmaí a fheiceáil i halla an bhaile. Tá go leor láthair stairiúla, agus carn sliogán a léiríonn go raibh cónaí ar dhaoine anseo idir 5000 agus 7000 bliain ó shoin. Bhí mianach copair anseo san 19ú aois. I ndeisceart an Chorráin tá Teach Chorráin a bhfuil gáirdíní suimiúla ann ón bhliain 1838.

« Ar ais