Skip to Main Content

Do Chuairteoiri

Ireland Map
The Gael Saoire Tithe Tábhairne Áitiúla
Tá cáil ar na tábhairní mar gheall ar na seisiúin neamhfhoirmeálta ceoil, amhránaíochta agus rince a bhíonn iontu. Is fiú turas a thabhairt orthu.

Déan Teagmháil:
Tigh Mhuirithe, Heilbhic (058) 46107
Tigh an Cheoil, Baile na nGall (058) 46209
Mooneys Bar, An Rinn (058) 46204
Seanchaí Bar & Restaurant, Bóthar Chorcaí (058) 46285

« Ar ais



The Gael Saoire Monarcha Criostal
Tá páirt nach beag ag an ealaín agus an cheardaíocht i saol mhuintir na Gaeltachta sna Déise. Léiriú maith de sin is ea Criostal na Rinne mar a ndeintear réimse leathan de chriostal luaidhe a tháirgeadh. Cuireann an Máistir Gearrthóir Gloine Éamonn Turraoin a thaithí 30 bliain, maraon lena mháistreacht theicniúil agus a oilteacht chun dearadh chun úsáide ina chruthaíocht galánta gloine. I measc na n-ealaíontóirí eile a chuireann fúthu sa Ghaeltacht tá Róisín agus Bríd Ní Chionnfhaolaidh, Bláithnin agus Realtín Clancy, Pat Murphy agus dóibh siúd gur suim leo na healaíona is fiú cuairt a thabhairt ar Dhánlann Joan Clancy. Táirgíonn Corbally Crafts sa Sean Phobal réimse leathan de ghallúnach orgánach. Cuireann na seisiúin ceoil agus amhránaíochta a bhíonn le clos go minic i dtithe tábhairne na Rinne siamsaíocht ar fáil don chuairteoir.

Dean teangmhail:
Éamonn Ó Turraoin
Baile na nGall
An Rinn
Dúngarbhán
Co. Phort Láirge.
058 46174

« Ar ais