Skip to Main Content

Port Lairge

Ireland Map
Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge
Sé mhíle siar ó bhaile fáilteach Dhún Garbhán agus ag féachaint amach i dtreo Chuan Dhún Garbhán agus Na Meá atá Gaeltacht na nDéise. Neadaithe faoi scáth Shléibhte áille an Chomaraigh áirítear paróiste na Rinne agus an tSean Phobail mar chuid den cheantar Gaeltachta seo. Is domhan ann féin é, lena phobal fáilteach, an radharcra, an tírdhreach, an muirdhreach agus thar aon ní eile an bheocht chultúrtha atá ann. Tá an grá atá ann don cheol Gaelach, do na hamhráin, don rince agus don teanga tógálach anseo. Is féidir fonn na ndaoine an traidisiún seo a roinnt leis an gcuairteoir a fheiscint go minic i dtithe ósta fíorchaoin fáilteach an cheantair. Is as An Rinn baill den ngrúpa ceoil, Danú a bhfuil cáil dhomhanda orthu agus an t-amhránaí, an scríbhneoir agus an béaloideasaí Liam Clancy.