Skip to Main Content

Gaillimh

Ireland Map
Gaeltacht Chonamara
Suite siar ó Chathair na Gaillimhe, i réimsí móra de Chonamara, tá an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn. Anseo, is í an Ghaeilge teanga labhartha laethúil na ndaoine a oibríonn agus mhaireann i gcroílár cultúrtha na Gaillimhe. Is féidir le daoine anseo athrú ó Ghaeilge go Béarla, agus a mhalairt go cruinn, gan dua agus bíonn a mBéarla breactha le ráitis Ghaeilge. Is anseo atá ciste de sméar mhullaigh oidhreacht, chultúr agus bhéaloideas na hÉireann áit a gcanann agus a ndamhsaíonn daoine fós ar an nós traidisiúnta.

Ag tiomáint siar ar feadh chósta na Gaillimhe, tabharfaidh tú an t-athrú sa tírdhreach chun suntais. Ar thaobh na láimhe clé tá an tAtlantach cumhachtach agus ar thaobh na láimhe deise tá tírdhreach Chonamara, tírdhreach de phortaigh, de ghleannta agus de lochanna a iatann cósta casta agus suntasach, agus sléibhte mórthaibhseacha na mBeanna Beola agus Mhám Tuirc. Sníonn bóithre beaga ciúine tríd an tírdhreach ríogúil agus treoraíonn siad ó shráidbhaile go sráidbhaile tú. I gceantar atá fós gan a bheith millte agus réasúnta tearc ar dhaoine, tiocfaidh tú ar thránna, siúlóidí le radharcanna breátha agus suaimhneas agus is cuma cá gcasann tú ní bhíonn tú riamh i bhfad ón bhfarraige.

Díreach amach ón gcósta, in inbhear Chuan na Gaillimhe, tá trí Oileán Árann, is iad sin Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr. Tá clú agus cáil ar na hoileáin sin as an mbealach maireachtála ar leith a chleachtaítear orthu, áit a bhfuil traidisiúin seanbhunaithe lámh ar lámh le maireachtáil nua-aimseartha. Tá stair shaibhir ag na hOileáin.