Skip to Main Content

An Sceilg, Baile an Sceilg agus An Gleann

Ireland Map
An Sceilg, Baile an Sceilg agus An Gleann
Tá an geata isteach sa Ghaeltacht seo in aice le Com an Easpaig, ceann de na pointí is airde in Éirinn gur féidir a bhaint amach i ngluaisteán. Tá éagsúlacht neamhghnách mara agus tíre anseo. Tógtar ceann ar leith den Sceilg agus d’Oileán na gCánóg. Ní mór stad agus lánsúl a bhaint as an radharc anseo roimh dul síos duit go Bá Fhíonáin agus An Gleann i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Is í an ché sa Ghleann an pointe is gaire don Sceilg. Tá an-trácht ag tumadóirí agus lucht caitheamh aimsire ar uiscí na háit seo. Trí oileán atá san oileánra seo – Sceilg Mhichíl mar a raibh mainistir sa luath-Chríostaíocht, An Sceilg Bheag lena coilíneachtaí éan, agus Oileán na gCánóg. Tugtar suntas ar leith do sheandálaíocht Sceilg Mhichíl agus do na hiarsmaí atá fós ar marthain ann. Tá tábhacht ar leith don éanlaith sna carraigeacha garbha farraige seo. Láthair le tábhacht domhanda don ngainéad is ea an Sceilg Bheag.

« Ar ais