Skip to Main Content

Scrib, Ros Muc, Carna agus Caiseal

Ireland Map

Scríb, Ros Muc, Carna agus Caiseal
Aniar ó Cheantar na nOileáin agus leithinis na Ceathrún Rua, téann an bóthar beagnach díreach go Scríb agus Ros Muc áit a bhfuil Teach an Phiarsaigh suite, an teach samhraidh a bhí ag Pádraig Mac Piarais, file agus tírghráthóir 1916 na hÉireann. Is músaem anois é, tá an teach tugtha ar ais go dtí an chaoi a raibh sé i ré an Phiarsaigh agus bíonn sé ar oscailt do chuairteoirí i rith an tséasúir turasóireachta. Leanann an bóthar leis siar ansin ar feadh an chósta go Carna agus Cill Chiaráin, ceantar ina bhfuil macalla Ceilteach agus luath Chríostaí le braistint ann. Tá cáil ar an gceantar seo go háirithe mar gheall ar amhránaithe traidisiúnta sean-nóis - bí ag faire amach do sheisiúin gan choinne! Tá an cuan breactha le hoileáin bheaga. Is dócha gurb é Oileán Mhic Dara an ceann is suntasaí díobh seo áit a bhfuil séipéal Naomh Mac Dara, áit a dtabharfaidh báid ar an oileán tú ar an 16ú Iúil gach bliain, lá patrúin an naoimh. Is lomán eibhir san aigéan é Oileán Mhic Dara ar a bhfuil aireagal cloiche Luath-Chríostaí tiomnaithe in ainm an naoimh. Ó Charna agus Cill Chiaráin casann an bóthar trí Chósta Thiar na Gaeltachta go dtí An tSraith Salach sula gcasann sé ar ais arís go dtí an Teach Dóite, crosbhóthar Ghaeltacht Chonamara.

« Ar ais