Skip to Main Content

Uibh Rathach

Ireland Map
The Gael Saoire Uíbh Ráthach
Leithinis mór is ea Uíbh Ráthach idir Chuan an Daingin agus An Ribhéar. Tá dreach tíre agus trá agus sliabh fíor álainn anseo. Tá an ceantar Gaeltachta anseo ar chuid de rinn na leithinse agus gleann an hUíne soir go dtí Máistir Gaoithe agus ‘Casán Chiarraí’.

Tá Com an Easpaig ar cheann de na láithreacha is airde in Éirinn gur féidir dul a fhad leis i ngluaisteáin. Tá radharc uaidh seo ar mhuir agus ar thír. Tá Sceilg Mhichíl agus Oileán na gCánóg síos amach uait. Thíos fút tá Bá Fhíonáin agus An Gleann i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Is é an cé ansin an pointe is cóngaraí do Sceilg Mhichíl. Tá cáil ar an áit chomh maith i measc lucht tumadóireachta a thugann turas ar na huiscí timpeall an oileáin sin. I nBá Fhíonáin chomh maith atá a bhfuil fágtha de Chill Imleach. Tógadh an Chill sa 12ú nó sa 13ú haois ar láthair na mainistreach a thóg Fionán an chéad uair. Lámh le Cill Imleach tá Uaigh an Pháganaigh – cuibhreann cloch nó gallán. Isteach ón mbóthar istigh sa Ghleann tá aireagal Chill Buaine chomh maith le seanchrosa agus tuamaí.

« Ar ais