gContae na Mí idir Baile Shláine agus Droichead Átha, turas taitneamhach éasca ó Ráth Cairn and Baile Ghib. Sníonn an Bhóinn mhaorga tríd an áit seo ar a turas chun na farraige i nDroichead Átha. Bhí cáil ar an mBóinn i bhfad Éireann sular fearadh "Cath na Bóinne". Tá Brú na Bóinne ar cheann de na láithreacha seandálaíochta is tábhachtaí ar domhan. Is iad na huaigheanna mórthaibhseacha réamhstaire Sí an Bhrú, Dubhadh agus Cnodhba na nithe is suntasaí ann. Tugadh aitheantas idirnáisiúnta do 1993 nuair a shannaigh UNESCO é mar láthair Oidhreachta Domhanda. na tuamaí seo breis agus 5,000 bliain ó shin. Iarsmaí is ea iad de shibhialtacht anfhorbartha a bhí lonnaithe ar fud iarthar na hEorpa sa cheathrú mílaois R.C. Láithreacha deasghnáthacha agus láithreacha cónaithe araon ab ea iad sa Chré- Umhaois, i Ré an Iarainn agus i Luathré na Críostíochta agus le linn agus i ndiaidh ionradh na Normannach. |