séadchomharthaí is cáiliúla san Eoraip. Tógadh breis is 5000 bliain ó sin é. Tá pasáiste fada cloch ag síneadh siar isteach sa tuama go dtí an láthair adhlactha. Tá an t-iomlán ina thulach mór groí. Tá breis agus acra talún faoin tulach seo. Tá sé comhdhéanta de bhreis agus 200,000 tonna cré agus cloch. cáiliúla de ghnéithe éagsúla an Bhrú ná an oscailt bheag os lae ar ghrianstad an Gheimhridh, an lá is giorra sa bhliain (Nollaig 21) agus cúpla lá eile roimhe sin agus ina dhiaidh, tagann ga gréine isteach sa phasáiste agus sileann siar isteach go dtí cúl an tseomra. Is féidir gur cheap na feirmeoirí Neoiliotacha gur chomhartha athbhreithe é seo, agus an athbhliain ag athnuachan na beatha sna hainmhithe agus sna barraí araon. |