caite deineadh díshealbhú ar Ghaela agus coigistíodh a dtailte ar mhachairí méithe na tíre. Ghlac tiarnaí allúracha talún seilbh ar na tailte sin. Ruaigeadh na Gaeil as a n- áitreamh agus díbríodh amach tríd na garbhchnoic iad. Tiomáineadh mórán acu i dtreo chósta an Iarthair. "Go hIfreann nó go Connacht" an rogha a fuair na daoine bochta ó amhais Chromail. Dúchais tugadh faoi chothrom éigin a thabhairt do lucht saothraithe na talún. Sna 1930aidí cheannaigh an Rialtas cuid de na heastáit mhóra a bhí ag na tiarnaí talún agus dhein athroinnt orthu. Tugadh gabháltais d'fheirmeoirí a bhí ar an gcaolchuid. |