i nGaeltacht na Mí, i ndúiche na Rí, croílár Éire na nGael... Sáraíonn Contae na Mí imeacht na haimsire féin. Ní foláir nó is bródúil iad anamnacha na nArd Ríthe, Banríona agus Gaiscígh Cheilteacha na hÉireann, go bhfuil a dteanga féin fós i mbéala na ndaoine sa dá bhaile fearann seo, Ráth Cairn agus Baile Ghib. Cairn agus Bhaile Ghib tá baile meánaoiseach Átha Buí. Tá cuid de mhúr an bhaile fós ina sheasamh gan mháchail. Tá clárthuama spéisiúil ag Eaglais na hÉireann san Áth Buí. Agus dhá mhíle ón láthair tá Tlachtga, mar a cheiliúir ár sinsear págánach Féile na Samhna i Ré an Iarainn. Tá sé ráite gurbh é seo tráth láthair chónaithe Ard Rí Éireann. |