An Ghaeltacht a thugtar ar an gcuid sin d'Éirinn ina bhfuil an Ghaeilge fós ina teanga pobail. De thoradh na teanga a bheith dá labhairt le sinsearacht ag pobal na Gaeltachta is mór idir meon na Gaeltachta agus meon na tíre trí chéile. Tá léargas difriúil ann chomh maith ar ár nOidhreacht Cheilteach agus ar ár nOidhreacht Chultúir... Níl an ceantar beag Gaeltachta seo ach 30 míle slí ó Bhaile Átha Cliath. Bunaíodh an Ghaeltacht seo ar mhachaire méith na Mí, i 1935, nuair a d'aistrigh an Rialtas, lena lántoil féin, teaghlaigh ó fheirmeacha sa Ghaeltacht traidisiúnta go dtí an áit seo. |