thosaigh an tÚdarás le déanaí is ea forbairt agus cur chun cinn na Turasóireachta Cultúrtha. Is aidhm don Údarás é seo a chur chun cinn agus branda a chur ar an nGaeltacht mar chineál ar leith láthair le saoire a chaitheamh. Feictear an Ghaeltacht mar áit ar leith mar gheall ar an nGaeilge a bheith ina teanga pobail, mar gheall ar fhéiniúlacht na Gaeltachta de meon dúchais inti, sainiúlacht agus meon a léirítear sa cheol, san amhránaíocht, agus sa rince gan trácht in aon chor ar chuid de na radharcanna tíre is breátha in Éirinn. Tá an tionscnamh seo á chur chun cinn trí feidhm éifeachtach a bhaint as an mbranda aitheantais GaelSaoire, saoire sa Ghaeltacht. |