de na mór choláistí Gaeilge in Éirinn. Chomh maith le dianchúrsaí Gaeilge a chur ar fáil i rith an tsamhraidh, déantar cúrsaí eatramhacha geimhridh a chur ar fáil do pháistí ó ar fud na tíre atá idir an bhunscoil agus an mheánscoil. Cuirtear ar fáil réimse leathan d'imeachtaí spóirt, ranganna Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha do na páistí chomh maith leis an oideachas bunúsach a bhaineann le curaclam na bunscoile. Tionóltar Daonscoil na tionóil mhóra samhraidh, sa choláiste gach bliain i mí Lúnasa. Mealann an tionól seo, a mhaireann seachtain, daoine ó gach aird den tír. Reáchtáiltear léachtaí, seimineáir agus céilithe mar chuid den tionól maraon le turais ar láithreacha suimiúla. Aisteoirí an tSean Phobail a tharraingíonn slua mór ón gceantar máguaird gach bliain lena léiriú i Halla Naomh Colmáin. |