ealaín agus an cheardaíocht i saol mhuintir na Gaeltachta sna Déise. Léiriú maith de sin is ea Criostal na Rinne mar a ndeintear réimse leathan de chriostal luaidhe a tháirgeadh. Cuireann an Máistir Gearrthóir Gloine Eamonn Turraoin a thaithí 30 bliain, maraon lena mháistreacht theicniúil agus a oilteacht chun dearadh chun úsáide ina chruthaíocht galánta gloine. I measc na n- ealaíontóirí eile a chuireann fúthu sa Ghaeltacht tá Róisín Bláithnin agus Realtín Clancy, Pat Murphy agus dóibh siúd gur suim leo na healaíona is fiú cuairt a thabhairt ar Dhánlann Joan Clancy. Táirgíonn Corbally Crafts sa Sean Phobal réimse leathan de ghallúnach orgánach. Cuireann na seisiúin ceoil agus amhránaíochta a bhíonn le clos go minic i dtithe tábhairne na Rinne siamsaíocht ar fáil don chuairteoir. |