Cíobháin agus an "Erin's Hope" ina dhiaidh sin go dtí na Stáit Aontaithe mar a ndeineadar cúpla long cogaidh de chuid na Breataine a sheachaint cúpla babhta ar an tslí. Shroich an "Erin's Hope" Nua Eabhrac ar an 21 Lúnasa tar éis aistear de 9,000 míle a chur di i 107 lá. Tá an teach solais ag Ceann na Mionna Airde a dhear George Halpin ar na carraigeacha ó dheas de Dhún Garbhán. Bunaíodh an teach Is é an teach solais is airde in Éirinn é agus deineadh é a athrú go dtí an córas aibhléise i 1964. I mBaile na Móna sa Sean Phobal tá fothrach ar a nglaotar Caileach Bheara, mar a bhfuil tuama meigilitheach a théann siar go dtí timpeall 2,000 roimh Chríost. Gairid chomh maith don láthair tá sráidbhaile na hAirde Móire mar a bhfuil cloigtheach, gáirdíní agus Slí Naomh Deagláin. Tá reilg ó aimsir an |