Phobal mar chuid de Mhór Chuaird Chósta an Oirdheiscirt ó bhaile Loch Garman san Oirthear go dtí na hAirde Móire san Iarthar. Tugann an Mór Chuaird seo, a bhfuil cuaillí eolais suntasacha ag gabháil leis, an cuairteoir fad bóthar an chósta tríd An Rinn agus Heilbhic mar a bhfuil an cuan pictiúrtha agus an leacht i gcuimhne an "Erin's Hope". Bhí páirt lárnach ag an long seo in ullmhúcháin do Éirí 1867. Go moch ar maidin ar an chéad lá de Mheitheamh 1867 tháinig an "Erin's Hope" chomh fada le Ceann Heilbhic. An Captaen Ó Cíobháin a bhí mar scipéir uirthi agus bhí daichead ceannairceach ar bord uirthi. Aistríodh beirt agus tríocha de na Fíníní ón long go dtí húicéir le Páid Mór Ó Faoláin agus chuir sé i dtír iad ar an dtrá in aice ché Bhaile na nGall. |