background image
1
Sé do Bheatha...
An Ghaeltacht... Cad í féin?
Tugtar an Ghaeltacht ar an gcuid sin d'Éirinn
ina bhfuil an Ghaeilge fós ina teanga pobail.
De thoradh na teanga a bheith dá labhairt le
sinsearacht ag pobal na Gaeltachta is mór idir
meon na Gaeltachta agus meon na tíre trí
chéile. Tá léargas difriúil ann chomh maith ar
ár nOidhreacht Cheilteach agus ar ár
nOidhreacht Chultúir...
Gaeltacht Phort Láirge
I mbéal an chuain i nDún Garbhán atá an
ceantar beag Gaeltachta seo. Tá sé thart ar
shé mhíle slí ó bhaile Dhún Garbhán in iarthar
Phort Láirge.
Déanfaidh sí a cuid féin díot...
Is mian le GaelSaoire aitheantas a thabhairt do na grianghrafadóirí Pádraig Ó
Nualláin, Cill Chainnigh agus John Eagle www.johneagle.com