Dhún Garbhán agus ag féachaint amach i dtreo Chuan Dhún Garbhán agus Na Meá atá Gaeltacht na nDéise. Neadaithe faoi scáth Shléibhte áille an Chomaraigh áirítear paróiste na Rinne agus an tSean Phobail mar chuid den cheantar Gaeltachta seo. Is domhan ann féin é, lena phobal fáilteach, an radharcra, an tírdhreach, an muirdhreach agus thar aon ní eile an bheocht chultúrtha atá ann. Tá an grá atá ann don cheol Gaelach, do na hamhráin, don rince agus don teanga tógálach anseo. Is féidir fonn na ndaoine an traidisiún seo a roinnt leis an gcuairteoir a fheiscint go minic i dtithe ósta fíorchaoin fáilteach an den ngrúpa ceoil, Danú a bhfuil cáil dhomhanda orthu agus an t-amhránaí, an scríbhneoir agus an béaloideasaí Liam Clancy. Léiritheoirí Teilifíse is nua theicneolaí sa tír sa Rinn. Léiríonn Nemeton níos mó ná 150 uair an chloig teilifíse in aghaidh na bliana. Tá stiúideo 1000 troigh cearnach, 3 sheomra eagarthóireachta sár-nua le meascthóir fuaime agus oifig ghraificí anois ag Nemeton. Chomh maith leis sin tá aonad craoladh seachtrach ag Nemeton ónar féidir craoladh beo as ó aon áit ar fud na tíre. |