background image
9
ó b h é a l d e i r g g o b a r r n a t r á
na n-ailltreacha... áilleacht nádúrtha...
Is in iarthuaisceart bharúntacht Iorrais atá Béal Deirg, Gleann na
Muaidhe, agus Ceathrú Thaidhg. Tá cáil ar an gceantar seo mar
gheall ar a áilleacht nádúrtha, ceantar ina bhfuil radharcanna
suntasacha ó bharra na n-ailltreacha, cinn tíre, stácaí, agus
uaimheanna a réab cumhacht na farraige ón mór thír. Cuirtear tús
leis an turas suntasach seo ag Achaidh Chéide, turas a thugann an
taistealaí thart le cósta. Níor athraigh saol na ndaoine anseo le fada
an lá, tá an feilméar, an t-iascaire, an cniotálaí, an fíodóir agus an
gabha i mbun a gcuid oibre agus bíodh go bhfuil athraithe ar an
mbealach, is féidir na himeachtaí seo a fheiceáil go fóill ar thuras
thríd Bharúntacht Iorrais.
Níos faide ar an mbóthar tá baile beag Gleann na Muaidhe. Cas ar
thaobh na láimhe deise i dtreo Ceathrú Thaidhg agus ar do
shuaimhneas thríd bóithre caola casta tiocfaidh an taistealaí ar
bhailte iascaireachta Port Durlainne agus Ros Dumhach. Ar chuairt ar
Sheanscoil Cheathrú Thaidhg is féidir os cionn 4,000 logainm a
scrúdú ar léarscáileanna.
Ar ais go Gleann na Muaidhe agus cas taobh na láimhe deise ar
feadh cúpla míle go mbuaileann tú leis an mbóthar go Poll a'
tSómhais. Níos faide siar an bóthar sin tá baile beag an Inbhear áit ar
féidir cuairt a thabhairt ar "Bhaile Uí Fhlannghaile". Lig do scíth ag
Barr na Trá ar Loch na Ceathrún Móire.