Gaeltacht Mhaigh Eo a thaiscéaladh. Tá go leor éagsúlacht ar fáil don taistealaí. Tig leat siúl, rothaíocht nó sodar ar na mbóithríní nó na cúrsaí forbartha agus taitneamh a bhaint as na portaigh, machairí, dumhaigh gainmhe, sléibhte, ailltreacha, tránna gainmheacha agus uaimheanna creagacha agus ag an am céanna do chuid scamhóg a líonadh le haer úr glan ón dtimpeallacht neamh-thruaillithe. Tá an-mhéid agus an- éagsúlacht siúlóidí gearra, siúlóidí sléibhe, agus cúrsaí raonaithe ar fáil i gCondae Mhaigh Eo, cúrsaí réidhe nó dreapadóireacht sléibhte, bíodh do rogha agat. Is cuma cén cúrsa a ghlacas tú beidh tírdhreach fíor- álainn le feiceáil agat agus tú beagnach leat féin. Síneann an cúrsa seo ó fjord an Chaolsháil Rua ar theorainn Chondae na Gaillimhe go Sliabh Gamh ar theorainn Chondae Shligigh. Téann an taistealaí thar sléibhte creagacha, bóithríní, bóithre beaga beagnach clúdaithe le crainnte agus casáin thríd coillte, turas a bhfuil éagsúlacht mhór ó thaobh tírdhreach agus réimse talún. Buaileann an "Western Way" le Gaeltacht Mhaigh Eo de réir mar a théann sé ó thuaidh tríd na portaigh agus bogaigh in Iorras agus Tír Amhlaidh go sroicheann sé Baile an Chaisil, baile beag atá an-ghar do Achaidh Chéide, áit a raibh cónaí ar dhaoine 5000 bliain ó shoin. Tá léarscáil mionchuntais ar fáil ins na hoifigí turasóireachta. |