background image
5
Tá leithinis creagach talún ag síneadh amach san aigéan Atlantach ó
Leithinis an Mhuirthid thar cósta suntasach go hAchaidh réamhstairiúil
Chéide, go Gaoth Sáile, isteach fán dtír i bhfairsingeacht Iorrais agus ó
dheas go hOileán Acla. Is í seo Gaeltacht ollásach Mhaigh Eo. Timpeall
bhruacha Loch Measca agus faoi scáth shléibhte Pheartraí i ndeisceart
an chondae tá baile Gaeltachta Thuar Mhic Éadaigh.
I nGaeltacht Mhaigh Eo tá éagsúlacht thírdreach, radharcanna farraige
chomh maith le oidhreacht chultúrtha sainiúil. `Sí an Ghaeilge teanga
labhartha na ndaoine sa cheantar seo a raibh cónaí ar dhaoine ann ó
chur daoine fúthu i mBéal Deirg roimh thógáil na bPirimidí. Tá
Gaeilge agus Béarla ar a dtoil ag na daoine agus is féidir leo
caidreamh a dhéanamh le daoine i gceachtar den dá theanga.
Is fiú Gaeltacht Mhaigh Eo a thaiscéaladh. `Sé barúntacht Iorrais i
dtuaisceart an chondae an ceantar is lú daonra, é suite i
dtimpeallacht ársa cothaithe go cúramach. Don té a bhfuil suim aige
iontu tá alltracha, stácaí farraige, machairí, sléibhte, talamh
bhogaigh, tránna agus flúirse rudaí suimiúla eile ar fáil.
Ó dheas tá Oileán Acla, an t-oileán is mó in Éirinn. Tá droichead
inárdaithe idir é agus an mór thír, agus choinnigh muintir Acla a gcuid
sainiúlachta. `Sé a gcuid ceoil, radharcanna, tránna agus a
bhfáilteacht a thuill cáil do mhuintir Acla.
f i o n n a i g h g a e l t a c h t m h a i g h e o
ceol, radharcanna, tránna agus fáilteacht...