Tá aerphort Chnoc Mhuire suite gar do Bhaile Chathail in Oirthear Mhaigh Eo. Tá aersheirbhísí ó Bhaile Átha Cliath agus Stanstead Londain. Níl aerphort na Gaillimhe ná aerphort Shligigh i bhfad ó aerphort Chnoc Mhuire. Tuilleadh eolais ó ghníomhairí taistil áitiúil. Tá chuile chuid de Ghaeltacht Mhaigh Eo insroichte ó Bhaile Átha Cliath, Béal Feirste, Gaillimh, Sligeach agus na príomh-bhailte eile ar fud na hÉireann. Tá staisiún bus agus traenach i mBéal an Átha, Caisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart agus tá ceangal bus le Béal an Mhuirthead (staisiún Bhéal an Átha), Acaill (Caisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart), agus Tuar Mhic Éadaigh (Caisleán an Bharraigh) go rialta. Cuireann Bus Éireann an seirbhís bus ar fáil. Taistealann báid farantóireachta agus báid paisnéirí ó Shasana agus an Fhrainc go Corcaigh, Ros Láir, Béal Feirste, Dún Laoghaire agus Baile Átha Cliath. |