an imeall agus anseo agus ansúid tránna ciúine agus cuanta éadoimhne. Is beag nach oileán é an leithinis seo agus gan de cheangal aige leis an mórthír ach Béal an Mhuirthead. Tá cuid de na tránna is fearr in Éirinn anseo, agus dumhaigh gainmhe mar a bhí siad ó thús ama. An té a bhfuil suim aige i gcaitheamh aimsire uisce, seo í an áit dó. Tá cósta an iarthair ar thaobh na n-oileán ar cheann de na háiteacha is fearr do chlár toinne, bád seoil nó curachóireacht agus más ciúineas agus foscadh atá ag teastáil tá sé sin le fáil ar chósta an oirthir áit a bhfuil uisce fíor ghlan, ciúin, foscúil i gCuan Oilí agus Mullach Rua. Gaeltachta ar bronnadh an gairm Beatha air, rud a léiríonn neamhthruailliú agus cúram don dúlra san áit fíor álainn seo. Pobal é seo maosta i nGaeilge, togha ceoil Gaelach agus gach a bhaineann le Gaelachas. Tagann an t-ainm Eachléim ón dá fhocal Gaeilge "each" agus "léim". De réir bhéaloideas na háite léim capall miotasach ó iarthar an bhaile fearainn go hoirthear an bhaile fearainn agus tugadh Eachléim ar an talamh idir an dá áit. |