salainn ann nó Gaoth na Farraige). Ó Bhaile Gaoth Sáile ritheann an bóthar le himeall na leithinise agus uaidh seo tá léargas iontach ar Shliabhraon Neifin Beag soir uaidh agus binn Shliabh Mór ar Oileán Acla ó dheas. Ba é baile fearainn agus baile Dú Thuama an suíomh a bhí ag John Millington Synge dá dhráma cáiliúil "The Playboy of the Western World". I mí Lúnasa chuile bhliain bíonn rásaí con agus capall ar an trá agus is fiú do thurasóir cuairt a thabhairt air. B'fhéidir go bhfeicfeá geamairí ar a mbealach ag bainis áitiúil. Bunaíodh an tionscal seo ós cionn 30 bliain ó shoin. Is fiú cuairt a thabhairt air agus tú i nDú Thuama agus is féidir do thart a shásamh sa teach tábhairne taobh leis nó béile den bhradán deataithe a chaitheamh. Teagmháil: Éisc Oileán Iolra, Dú Thuama. Teil: 097 86820 / 86829 |